Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Tugtar spreagadh do gach duine chun an Clár a Sheiceáil de réir mar a chuireann Comhairle Contae an Chláir feachtas nuashonraithe chun cinn

20 September 2023

Tá spreagadh á thabhairt ag Comhairle Contae an Chláir do gach duine, lena n-áirítear na daoine sin atá cláraithe chun vótáil cheana féin, chun dul chuig checktheregister.ie agus a mionsonraí a dheimhniú nó a nuashonrú trína nUimhir PSP, a nÉirchód agus a ndáta breithe a sholáthar.

Ós rud é go bhfuil reifreann, toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha le teacht, tá spreagadh á thabhairt ag an gComhairle do gach duine chun dul i mbun gnímh anois chun a chinntiú go bhfuil a gcuid faisnéise ceart.

Ní léireofar uimhreacha PSP ná dátaí breithe ar chlár na dtoghthóirí choíche. Trí iad a chur ar áireamh ann, áfach, cabhrófar le sláine an chláir a fheabhsú trína fhágáil go mbeifear in ann iontrálacha dúblacha a bhainistiú.

Is féidir leat d’Údarás Áitiúil a chur ar an eolas faoi athruithe riachtanacha eile freisin – mar shampla, baill teaghlaigh atá caillte ach atá ar an gclár fós, toisc gurb eol dúinn uile gur údar bróin é cárta vótála a fháil do dhuine nach bhfuil linn a thuilleadh.

Tá súil ag an gComhairle gurb é an toradh a bheidh ar shimplíocht an phróisis ná go ndéanfaidh líon suntasach daoine a gcuid faisnéise a dheimhniú nó a nuashonrú.

Dúirt an Comh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, “Tá ag vótálaithe anois modh simplí éasca le haghaidh teagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil maidir le clár na dtoghthóirí trí checktheregister.ie. Is é atá sa chumas chun teagmháil a dhéanamh leis ar líne ná bunathrú mór chun feabhais sa phróiseas clárúcháin d’údaráis chlárúcháin agus don phobal i gcoitinne araon. Mar thoradh ar na hathruithe sin, tá againn córas níos sorochtana, níos solúbtha agus níos nua-aimseartha atá simplí agus éasca le húsáid. Tá sé níos fusa agus níos tapa anois ná am ar bith riamh do dhaoine clárú chun vótáil, a mionsonraí a nuashonrú nó a chur in iúl don Údarás Áitiúil go bhfuil a mionsonraí cothrom le dáta agus ceart trína n-uimhir PSP, a ndáta breithe agus a nÉirchód a chur leis. Dá bhrí sin, sin é an rud atáimid ag moladh do gach duine a dhéanamh.”

Dúirt Noeleen Fitzgerald, Stiúrthóir Airgeadais agus Seirbhísí Tacaíochta, Comhairle Contae an Chláir, “Tá Comhairle Contae an Chláir ag ullmhú do mhéid suntasach oibre sna míonna atá le teacht chun clár na dtoghthóirí a nuashonrú agus chun cruinneas an chláir a fheabhsú tuilleadh. Fiú má táimid ar an gclár cheana féin, tá ár gcion féin le déanamh ag gach duine dínn agus is féidir linn é sin a dhéanamh trínár gcuid faisnéise a sheiceáil agus í a dheimhniú nó a nuashonrú. Trí mhionsonraí amhail do dháta breithe agus d’uimhir PSP a chur leis, cumasaítear d’údaráis áitiúla an fhaisnéis a thugann gach duine a chros-seiceáil agus a dheimhniú, rud a chuireann le sláine an phróisis.”

Beidh foirm pháipéir ar fáil fós dóibh sin ar mian leo í a úsáid, bíodh sé le huimhir PPS nó le seiceáil céannachta i bpearsa ag stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, faoi mar a bhí amhlaidh i gcás an phróisis roimhe.

Page last reviewed: 20/09/23

Content managed by: Corporate Services Department

Back to top